Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht

Cuirtear athrú paraidíme i láthair sa leabhar seo maidir le tuiscintí ar phobal na Gaeilge agus ar ról theanga an phobail sin i sochaí na hÉireann. Déantar anailís leathan ann ar cheisteanna daonra, institiúidí, agus stádais, i gcomhthéacs léirmheas grinn ar bheartais oifigiúla – bídís follasach nó folaithe – lena ndáiltear cumhacht agus cead riartha, agus lena gcothaítear patrúin cheannais agus imeallaithe. Dírítear aird ar leith ar eisiamh na Gaeilge as fearas riaracháin an Stáit, agus ar an tslí a n-úsáidtear an córas dlí mar uirlis sa phróiseas sin. Déantar scagadh ar cheisteanna a bhaineann le neamh-chomhlíonadh dualgas reachtúil, agus conas an chuntasacht a chinntiú, agus cíortar go mion tionscnaimh reachtacha agus gealltanais sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann araon. Pléitear cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus cur chuige an Stáit ina leith. Déantar neart phobal na Gaeilge thar thoisí éagsúla stádais a chur in iúl agus a cheiliúradh. Ach aithnítear, freisin, go bhfuil luach na Gaeilge mar theanga a thacaíonn le dul chun cinn pearsanta sa saol – is é sin, a stádas soch-eacnamaíoch, atá lárnach dá húsáid ó lá go lá agus dá seachadadh ó ghlúin go glúin – i mbaol.

Cuirtear moltaí sainiúla reachtaíochta i láthair sa leabhar chun an Ghaeilge a institiúidiú mar theanga oifigiúil agus oibre, de facto, san fhearann poiblí, chun a luach mar chaipiteal cultúrtha a chur chun cinn i ngaol comhlántach leis an mBéarla, chun tacú lena seachadadh leanúnach ó ghlúin go glúin, agus chun a húsáid a normalú sa saol laethúil.

Is sa tsocheolaíocht atá an leabhar Pobal na Gaeilge fréamhaithe, ach tá sé idir­dhisciplíneach ina raon léinn, agus áirítear ann léirmhínithe atá bunaithe ar thaighde oideachais, síceolaíochta, agus sochtheangeolaíochta, chomh maith leis an dlí­-eolaíocht agus teoiric na polaitíochta. Le stíl bhreá scríbhneoireachta, tugtar cuireadh don léitheoir ginearálta agus don speisialtóir araon breathnú as an nua, faoi threoir an údair, ar phobal na Gaeilge.