Cló na nGael

Seoladh ardchathrach Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin, 8 Meitheamh 2022
Preasráiteas

Ag labhairt dó mar fhear an tí ag ócáid sheolta Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht le Pádraig Ó Laighin, i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Ciath, dúirt Liam Mac Cóil gur gheall é léamh an leabhair agus dúiseacht as brionglóid. Ionann an leabhar agus “Leabhar Mór na Gaeilge,” a duirt sé, a mhíníonn a bhfuil i gceist leis na scáthanna, na siabhráin, a bhíonn ag crá phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus cad as dóibh. In aon fhocal amháin is é an Stát Éireannach faoi ndear iad agus sin ag dul siar go cinneadh comfhiosach gos íseal a rinne Rúnaí na Roinne Airgeadais agus an Taoiseach siar sna seascaidí an Ghaeilge a ghearradh as riarachán na tíre, mar a mhíníonn Pádraig Ó Laighin go cruinn soiléir i gcorp an leabhair. Ainneoin go bhfuil aghaidh mhacánta tugtha ar fhírinne staid na Gaeilge i láthair na huaire ní leabhar gan dóchas é Pobal na Gaeilge. Tá moltaí ar fónamh déanta ag an Dr Ó Laighin. “Os cionn dhá scór moltaí praiticiúla infheidhme bunúla,” a dúirt Mac Cóil, “a d’fhéadfadh bonn maith a chur faoi pholasaí ghluaiseacht na Gaeilge”. “D’fhéadfaidís, chomh maith céanna,” a dúirt sé, “bonn substaintiúil doshéanta a chur faoi pholasaí Gaeilge aon pháirtí a mhaífeadh gur cás leo an teanga agus cearta lucht a labhartha”.

Colmcille Ó Monacháin a sheol an leabhar. Seo a leanas sleachta as a aitheasc seolta:

Tá comaoin mhór curtha ag an údar, ag Pádraig, ar phobal na Gaeilge; go deimhin tá pobal na hÉireann uilig faoi chomaoin aige.

Dhá chéad seachtó a sé leathanach de dhlúth-théacs, de léaráidí agus de tháblaí atá sa leabhar, gan na haguisíní, na tagairtí ná an t-innéacs a áireamh. Is iomaí coimisiún imscrúdúcháin, is iomaí binse fiosrúcháin, nach ndéanfadh saothar chomh mór leis an méid atá déanta ag Pádraig, ag fear amháin.

Ó luaigh mé an fiosrúchán, féadaim a rá go bhfuil gné an fhiosrúcháin, nó gné an imscrúdúcháin, go láidir ar an leabhar.

Sa chur síos ar an leabhar atá ar an chlúdach cúil, deirtear gur sa tsocheolaíocht atá an leabhar fréamhaithe, ach deirtear go bhfuil sí ‘idirdhisciplíneach ina raon léinn’, agus go n-áirítear inti ‘léirmhínithe atá bunaithe ar thaighde oideachais, síceolaíochta, agus sochtheangeolaíochta, chomh maith leis an dlí-eolaíocht agus teoiric na polaitíochta’.

Is é sin bua mhór an leabhair, dar liom – an cur chuige idirdhisciplíneach. Sin agus an anailís a dhéanann Pádraig, an fhorbairt a dhéanann sé go foighdeach ar na téamaí, agus an modh fóiréinseach atá aige ó thús deireadh. Is é nós atá ag Pádraig an cheist nó an fhadhb a shainiú, an cúlra a rianú, an anailís mhionsonrach a dhéanamh, na tátail a bhaint agus a léiriú, agus nuair is cuí leis é, moladh nó togra a chur inár láthair ar mhaithe le leigheas a fháil ar an fhadhb.…

Tá téarmaí agus téarmaíocht sa leabhar nár casadh i mo bhealach roimhe seo – is mar mholadh ar an leabhar agus ar an údar a deirim sin, agus mar aistritheoir agus mar théarmeolaí a bhíonn ag plé, i mo chuid oibre ó lá go lá, le téarmaíocht chasta i gcuid mhór sainréimsí.

Tá rud eile faoin leabhar – rud is fíorannamh i gcás foilseacháin den chineál seo a chuireann foilsitheoirí na Gaeilge amach: chuir Pádraig roimhe leabhar Gaeilge a chur inár láthair! Chuir sé de dhua air féin na sleachta as foinsí tagartha a chur i nGaeilge sa leabhar; d’aistrigh sé na sleachta a bhain sé as foilseacháin aonteangacha Béarla – as meamraim Rialtais, as tuarascálacha oifigiúla, as breithiúnais chúirte. Agus rinne sé mar an gcéanna leis na sleachta Fraincise.

Tá mé ag déanamh go dtuigeann Pádraig gur beag is fiú dúinn – gur cleachtas míloighciúil, áiféiseach é – bheith ag féachaint le héigeantas an Bhéarla sa réimse oifigiúil a bhriseadh agus sinn san am chéanna ag imirt an éigeantais chéanna ar ár léitheoirí, ar ár bpobal féin. Abair íoróin!

Chomh maith leis sin, an polasaí foilsitheoireachta nó eagarthóireachta seo a roghnaigh Cló na nGael, cuidíonn sé le leathnú agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge, agus neartaíonn sé agus searrann sé an cumas ionramhála atá sa teanga. Ceird dheacair an t-aistriúchán, ach tugann sé toradh luachmhar!…

De ainneoin mhéid ábhalmhór an tsaothair a chuir Pádraig roimhe, níor ob sé dul i ngleic le ceist na dteangacha sna Sé Chontae. Níl an stair baileach chomh casta sna Sé Chontae, ar ndóigh.

Maidir leis sin de, ní abróidh mé ach an méid seo: tá súil as Dia agam go ndéanfaidh gníomhaithe teanga na Sé Chontae staidéar ar an leabhar seo agus go bhfoghlaimeoidh siad ceachtanna as taithí na nGael sna Sé Chontae Fichead. Cuideoidh sin leo dul chun cinn cinnte, daingean, do-chúlaithe a dhéanamh.…

Tá ábhar dóchais sa leabhar. An anailís atá déanta ag Pádraig Ó Laighin ar stair agus ar dhála phobal na Gaeilge i stát Phoblacht na hÉireann, is geall í le moll aimhréidh snátha a réiteach ionas gur léir dúinn anois na príomhshnáitheanna. Agus tá sraith moltaí déanta aige is féidir a fhorbairt chun consensus a bhunú faoin dóigh a ngníomhóidh pobal na Gaeilge chun sinn féin a fhuascailt as na ceangail lenar cuibhríodh sinn.

Ní tráth faillí é, ach tráth gnímh. Is iomaí moladh nach ndearnadh gníomh dá réir, agus is iomaí gníomh a cuireadh ó rath.

Ba cheart na moltaí fiúntacha seo a phlé, a scagadh, agus a choigeartú de réir mar is gá. Ba chóir do phobal na Gaeilge – nó don chuid againn atá ullamh chun gnímh – ba chóir dúinn teacht ar consensus faoin bhealach chun cinn.…

Tréaslaím do shaothar leat, a Phádraig! Agus tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe as na moltaí atá curtha faoi bhráid an phobail agat.

Agus anois, a leabhair, seolaim ar do bhealach thú, ar fud Chúige álainn Laighean, agus ar fud oileán agus mhionoileáin na hÉireann, agus níos faide ó bhaile ná sin, go gach cearn den domhan a bhfuil Gaeil ar cás leo cén chinniúint atá i ndán dúinn.

Tá aitheasc an tseolta ina iomláine curtha ar fáil ag Colmcille Ó Monacháin ar a leathanach Facebook ag an seoladh seo a leanas:

https://m.facebook.com/story.php?story_fbid=5242227322511952&id=100001742080913

Ina fhreagra ar chur i láthair an Chathaoirligh agus ar aitheasc an tseolta, dúirt an Dr Ó Laighin go raibh “rogha le déanamh ag pobal na Gaeilge, fanacht ar an imeall, nó seasamh ar comhchéim le pobal an Bhéarla i gcruthú an tsaoil atá le teacht”. “Is idir taobhanna atá ar comhchéim,” adúirt sé, “a aimsítear ceart agus cóir”.

Sa ghrianghraf, ó chlé, Liam Mac Cóil, an t-údar Pádraig Ó Laighin, agus Colmcille Ó Monacháin

Cló na nGael

Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht
Leabhar suntasach le
Pádraig B. Ó Laighin

  • Cur síos cuimsitheach ar phobal na Gaeilge – daonra agus daonáirimh; pleanáil agus forbairt sa Ghaeltacht; eisiamh na Gaeilge ó fhearas riaracháin an Stáit; na hinstitiúidí, go háirithe oideachas agus na meáin; agus stádas sochstairiúil, eacnamaíoch, agus dlíthiúil na teanga.
  • Anailís ghéar ar reachtaíocht teanga sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann, plé maidir le neamh-chomhlíonadh agus conas cuntasacht a chinntiú, agus moltaí reachtaíochta.
  • Paraidím nua dírithe ar stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre, de facto, in Éirinn, agus ar úsáid na teanga ó lá go lá agus a seachadadh leanúnach ó ghlúin go glúin a chur chun cinn.
  • (Eolas breise ar an leathanach "Cur síos ar an leabhar")

Arna fhoilsiú ag Cló na nGael, 2022. xvi + 312 leathanach. Innéacs.
ISBN 978-1-8383544-0-4 (clúdach bog, €20)
ISBN 978-1-8383544-1-1 (clúdach crua, €30)

 
Sna siopaí seo a leanas: An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath; An Ceathrú Póilí, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste; An Café Liteartha, Sráid na Dadhgaide, Daingean Uí Chúis; Siopa Leabhar, An Cheardlann, An Spidéal; Siopa & Dánlann Uí Chionnaith, Liosbán, Gaillimh.
Ar fáil do dhíoltóirí leabhar ó: Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS), Aonad 3, Páirc Ghnó Dhún Seachlainn, Dún Seachlainn, Co. na Mí, A85 V624, T: +353 (0) 1 661 6522, R: ais@forasnagaeilge.ie
Cló na nGael
20 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 H364

Níl Cló na nGael in ann glacadh le haon ábhar nua i gcomhair foilsithe faoi láthair.