Pádraig Breandán Ó Laighin

D’imir Pádraig Breandán Ó Laighin ról lárnach i bhfeachtais rathúla chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga

oibre d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus chun deireadh a chur leis an

maolú ar an stádas sin. Tá mórchuid foilsithe aige faoi stádas na Gaeilge – leabhair, caibidlí, agus ailt faoi reachtaíocht teanga san áireamh.                             

Is socheolaí é an Dr Ó Laighin. Tá MA sa tSíceolaíocht (Ollscoil McGill,

Montréal) agus PhD sa tSocheolaíocht (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) aige, móide Ard-Dioplóma san Oideachas agus cáilíochtaí eile oideachais, múinteoireachta, agus teanga. Ba léachtóir le socheolaíocht é in Ollscoil McGill, agus Ollamh le Socheolaíocht i gColáiste Vanier, Montréal, áit a raibh sé, ar feadh i bhfad, ina cheann ar ranna na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Modheolaíochta Taighde Shóisialta i ndiaidh a chéile. Ba Chomhalta Taighde é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus mhúin sé cúrsaí iarchéime sa tsocheolaíocht teanga ansin agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus seimineáir iarchéime faoi chúrsaí teanga san Aontas Eorpach in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn ar an gClár Suirbhéireachta Sóisialta Idirnáisiúnta, agus ba bhall é den fhoireann idirnáisiúnta a d’fhorbair an modúl agus an ceistneoir faoi Fhéiniúlacht Náisiúnta.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, nó https://portraidi.ie/ga/padraig-b-o-laighin/